Dúshlán Experience AI

Dúshlán saor in aisce a chuidíonn le daoine óga tionscadail a dhéanamh le hintleacht shaorga agus meaisínfhoghlaim.

Cén fáth ar cheart duit páirt a ghlacadh?

Is féidir Dúshlán Experience AI a úsáid mar thionscadal sínidh nó mar acmhainn fhorlíontach chun cuidiú le daoine óga tuiscint níos leithne a fhorbairt ar thionchar AI ar an tsochaí. Is féidir é a chríochnú i dtrí sheisiún uair an chloig.

Trí pháirt a ghlacadh sa Dúshlán, le tacaíocht ó mheantóirí, forbraíonn daoine óga réimse scileanna taobh amuigh de chódú, lena n-áirítear breithnithe eiticiúla, smaointeoireacht ríomhaireachtúil, agus dearadh.

Is do thosaitheoirí AI atá an Dúshlán — ní gá do mheantóirí aon taithí ríomhaireachta roimhe seo a bheith acu chun tacú leis na gníomhaíochtaí, agus ní gá do dhaoine óga aon taithí a bheith acu chun páirt a ghlacadh agus bheith ina gcruthaitheoirí AI.

Is féidir le hoideoirí nó le hoibrithe deonacha lasmuigh de shuíomhanna scoile an Dúshlán a úsáid freisin, mar shampla i gclub códaithe, nó ag tuismitheoirí.

Is féidir leat do thionscadal a roinnt leis an domhan trína chur isteach inár gcatagóir AI Na Tionscadail is Iontaí.

Cad atá i gceist?

Le tacaíocht ó mheantóirí agus ónár n-acmhainní saor in aisce, tugtar treoir do dhaoine óga maidir le conas samhlacha meaisínfhoghlama a oiliúint agus a thástáil a aicmíonn sonraí amhail fuaim, téacs nó íomhánna. Ansin cruthaíonn siad a samhail féin agus úsáideann siad í chun tionscadal uathúil AI a chruthú.

Tá trí chéim de ghníomhaíochtaí sa Dúshlán:

  • A fháil amach conas a oibríonn meaisínfhoghlaim agus cad iad na tionscadail is féidir a chur i gcrích
  • Taithí phraiticiúil a fháil ar thionscadal samplach treoraithe
  • Tionscadal uathúil AI a dhearadh agus a chruthú


Nuair a bheidh do thionscadal cruthaithe agat, déan ceiliúradh ar an méid atá déanta agat trína chur isteach sa chatagóir AI Na Tionscadail is Iontaí.

Conas tosú

  • Chun rochtain a fháil ar an bpacáiste acmhainní, cláraigh le haghaidh do chuntas Raspberry Pi Foundation, nó logáil isteach ann.
  • Léigh tríd an treoir meantóra atá sa phacáiste agus féach ar an bhfíseán teagaisc le tosú. Tá trí chéim sa Dúshlán, a bhfuil thart ar 3 uair an chloig de ghníomhaíochtaí i gceist leo.
  • Ag tús an Dúshláin, roinn an treoir cruthaitheora agus an leabhar oibre le do dhaoine óga agus socraigh iad ar na suíomhanna gréasáin Machine Learning for Kids agus Scratch.
  • Leanann daoine óga an treoir ansin agus úsáideann siad an leabhar oibre chun a samhail mheaisínfhoghlama a chruthú ag baint úsáid as Machine Learning for Kids agus ansin cód a chruthú bunaithe ar an tsamhail in Scratch.
  • Is fúthu féin atá sé cén tsamhail a chruthaíonn na daoine óga agus cad a dhéanann a bhfeidhmchlár AI. Tabhair cead a cinn dá samhlaíocht.

Tabhair faoi deara go bhfuil na hacmhainní uile do Dhúshlán Experience AI seo i mBéarla amháin.

Íoslódáil an pacáiste acmhainní saor in aisce

Chun an pacáiste acmhainní a íoslódáil, logáil isteach ar dtús le cuntas Raspberry Pi Foundation nó cruthaigh cuntas saor in aisce.
Cuirfimid cúpla ceist ort roimh an íoslódáil chun cuidiú linn tuiscint a fháil ar an gcaoi a mbeidh daoine óga páirteach i nDúshlán Experience AI.