Modúl 2- Ceacht 4: Fadhbanna a réiteach le samhlacha ML (cuid 2)

Sa cheacht seo, leanfaidh na foghlaimeoirí ar aghaidh agus saolré thionscadail AI á chur i bhfeidhm. Cuirfidh siad tús le samhail mheaisínfhoghlama a oiliúint chun fadhb dá rogha a réiteach agus déanfaidh siad í a thástáil. Scrúdóidh siad an gaol idir scóir mhuiníne, tairseacha muiníne, agus cruinneas i dtuartha na samhlacha meaisínfhoghlama. Ar deireadh, tomhaisfidh siad cruinneas a samhlacha meaisínfhoghlama (ML).

Cuspóirí foghlama

  • Na céimeanna 'oiliúint' agus 'tástáil' a chur i bhfeidhm ar fhíorthionscadal meaisínfhoghlama
  • Cur síos a dhéanmah ar cad is tairseach muiníne ann agus cén fáth a n-úsáidtear iad
  • A thaispeáint conas a thomhaistear cruinneas shamhail ML

Príomhstór focal

Scór muiníne, tairseach muiníne, cruinneas

Struchtúr an cheachta

  • Gníomhaíocht 1: Céimeanna shaolré an tionscadail AI
  • Gníomhaíocht 2: Cuir oiliúint ar do shamhail
  • Gníomhaíocht 3: Tairseacha muiníne agus cruinneas
  • Gníomhaíocht 4: Déan tástáil ar do shamhail
  • Roghnach: Samplaí oibrithe

Íoslódáil acmhainní an cheachta

Chun an plean ceachta, na sleamhnáin agus na gníomhaíochtaí a íoslódáil, logáil isteach le cuntas Raspberry Pi Foundation nó cruthaigh cuntas saor in aisce.
Ansin cuirfimid cúpla ceist ort chun cuidiú linn tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-úsáidfidh tú na hacmhainní.