Modúl 2- Ceacht 3: Fadhbanna a réiteach le samhlacha ML (cuid 1)

Sa cheacht seo, bainfidh foghlaimeoirí úsáid as saolré an tionscadail AI chun tús a chur lena samhail mheaisínfhoghlama féin a chruthú chun fadhb dá rogha féin a réiteach. Roghnóidh siad fadhb agus úsáideoir as dhá rogha. Cuirfear an cur chuige dearaidh 'dírithe ar an úsáideoir' in iúl dóibh agus ansin ullmhóidh siad a gcuid sonraí trína roinnt ina aicmí.

Cuspóirí foghlama

  • Na céimeanna 'sainmhínigh' agus 'sonraí a ullmhú' a chur i bhfeidhm ar fhíorthionscadal meaisínfhoghlama (ML)
  • Cur síos a dhéanamh ar cad is cur chuige 'dírithe ar an úsáideoir' i leith dearaidh ann
  • Cur síos a dhéanamh ar an gcúis go bhfuil córas meaisínfhoghlama oiriúnach chun d'fhadhb a réiteach

Príomhstór focal

Dírithe ar an úsáideoir, Aicmiú, Tiomáinte ag sonraí

Struchtúr an cheachta

  • Gníomhaíocht 1- Saolré an tionscadail AI
  • Gníomhaíocht 2: Sainmhínigh an fhadhb
  • Roghnach: Dearadh dírithe ar an úsáideoir
  • Gníomhaíocht 3: Cén fáth ar chóir meaisínfhoghlaim a úsáid?

Íoslódáil acmhainní an cheachta

Chun an plean ceachta, na sleamhnáin agus na gníomhaíochtaí a íoslódáil, logáil isteach le cuntas Raspberry Pi Foundation nó cruthaigh cuntas saor in aisce.
Ansin cuirfimid cúpla ceist ort chun cuidiú linn tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-úsáidfidh tú na hacmhainní.